Déanann an tAire Varadkar agus an tAire Ring comhghairdeas leis an‘Ceannródaí’ Katie Taylor ar an mbonn óir a bhuaigh sí sna cluichí Oilimpeacha

Fuarthas bonn óir stairiúil d'Éirinn sna Cluichí Oilimpeacha inniu nuair a d’éirigh le Katie Taylor an chéad chluiche ceannais dornálaíochta éadrom-mheáchain do mhná sna Cluichí Oilimpeacha a bhuachan sa staidiam ExCel i Londain.  Ba é sin an dara bonn óir a fuarthas d’Éirinn ag ócáid Oilimpeach, agus an chéad cheann ó bhain Michael Carruth an t-ór amach i 1992.  Is í Katie an chéad duine le bonn óir a bhuachan ina catagóirse, agus dornálaíocht na mban a bheith ar chlár na gCluichí Oilimpeacha don chéad uair i mbliana.

 
Thug Katie Taylor léiriú eile ar a sárscil sa bhfáinne dornálaíochta sa chluiche ceannais tráthnóna inniu, agus í ag troid i gcoinne Sofya Ochigava ón Rúis. D’éirigh léi brionglóid phearsanta a bhaint amach freisin nuair a bhuaigh sí an bonn óir. Dúirt an tAire Iompair, Turasóireachta agus Spóirt, Leo Varadkar, tráthnóna:“Tá teidil Domhanda agus Eorpacha buaite ag Katie cheana féin ach measaim gurb é an bonn óir a bhuaigh sí inniu an duais is fearr di. Is ceannródaí í do dhornálaíocht na mban agus tá meas agus moladh a comhlúthchleasaithe bainte amach aici di féin go náisiúnta agus go hidirnáisiúnta. Tá an moladh a fuair sí ó gach duine tuilte go maith aici agus táimid thar a bheith bródúil aisti. Tá súil agam go mbainfidh sí sult mór as an mbua. Is duine í de ghrúpa fíorbheag lúthchleasaithe ar fud an domhain a bhfuil bonn óir sna Cluichí Oilimpeacha bainte amach aici. Is éacht é an bua a fuair sí inniu ní hamháin di féin, dá hathair Pete agus dá muintir, ach do Chlub Dornálaíochta Bhré, don IABA agus dár gcóitseálaithe ardfheidhmíochta Billy Walsh agus Zuar Antia.Le 5 bhonn buaite cheana féin, níor éirigh chomh maith seo le hÉirinn sna Cluichí Oilimpeacha ó chluichí Melbourne.”
 
Dúirt an tAire Stáit do Thurasóireacht agus do Spórt, Michael Ring:“Tá áthas orm gur fhreastail mé ar an gcluiche ceannais inniu agus ba rud iontach é Katie a fheiceáil agus an t-ór á bhuachan aici.Ní bhfuair Éire bonn óir sa dornálaíocht ó 1992 nuair a fuair Michael Carruth an bua in Barcelona agus ba bheag nár ardaíodh an díon den airéine seo nuair a fógraíodh an buaiteoir. Bhí atmaisféar dochreidte ann. Tá sé ráite agam go minic go bhféadfaidh spórt meanma an náisiúin a ardú agus cruthaíonn bua Katie inniu é sin. Is eiseamláir den scoth í agus tá súil agam go spreagfaidh an bua a fuair sí inniu daoine eile dul i mbun an spóirt agus cruthú chomh maith léi amach anseo.Beidh triúr lúthchleasaithe eile dár gcuid ar thóir boinn sna cluichí Oilimpeacha amárach agus guímid gach rath orthusan, agus idir an dá linn déanamid comhghairdeas le Katie ar an éacht a rinne sí inniu.  
CRÍOCH
Initial Publication Date: 
09/08/2012