Bóithre
Tá feidhmeanna fairsinge ag an Roinn maidir le bóthair lena náirítear;
- an creat reachtaíochta maidir le bóithre náisiúnta a sholáthar agus a chothabháil
- an creat reachtaíochta maidir le oibríochtaí an UBN
- cistiú a sholáthar do chlár náisiúnta na mbóithre
- monatóireacht a dhéanamh ar chaitheachas UBN
- comhairle pholasaí a sholáthar don UBN
- maoirseacht a dhéanamh ar fheidhmiú éifeachtúil an chláir infheistíochta faoi Iompar 21 (an chuid de a bhaineann leis na bóithre náisiúnta)
- sábháilteacht níos mó ar na bóithre a chur chun cinn tré theaglaim de bhearta polasaí,oideachasúla agus reachtaíochta a chur i bhfeidhm
- cístiú a sholáthar do bhóithre faoi Iompar 21
- maoirseacht a dhéanamh ar na gníomhaireachtaí fheidhmiúcháin (An t-Údarás Um Shábháilteacht Ar Bhóithre), (An t-Údarás Náisiúnta ar Bhóithre) (ÚNB) agus údaráis áitiúla
Ár gCuspóirí Foriomlána
Soláthar a dhéanamh do iompar daoine agus earraí ar bhóithre go héifeachtuil agus go costaséifeachtach taobh istigh de pholasaí iompair a chur i bhfeidhm atá comhtháite agus cothrom.
Sain Chuspóirí
- a chinntiú,comh fada agus is féidir é, go bfhuil líonra na mbóithre náisiúnta curtha ar fáil go sábháilte agus go héifeachtach
- a chinntiú, comh fada agus is féidir é ,go bfhuil líonra na mbóithre réigiúnacha agus áitiúla curtha ar fáil go sábháilte agus go héifeachtach
- ionchuir éifeachtach a dhéanamh i bproiséas reachtaíochta agus cinnteoireachta an chomhphobail eorpaigh
- a chinntiú go bfhuil úsáid sábháilte agus an úsáid is fearr bainte as líonra na mbóithre poiblí
- a chinntiú go bfhuil feithiclí sábháilte agus oiriúnach le haghaidh na mbóithre poiblí
- innealra a sholáthar maidir le feithiclí a cheadúnú agus a chur faoi cháin ar bhóithe poiblí
- a chinntiú go bfhuil tiománaithe corpacmhainneach,inniúil agus ceadúnaithe le feithiclí ,den aicme chuí, a thiomáint ar bhóithre poiblí
- sábháilteacht ar na bóithre a chur chun cinn
Tuilleadh Eolais
Tá an t-Údarás Um Shábháilteacht ar Bhóithre freagrach as tiománaithe a thástáil agus a cheadúnú
