Maidir Linne
Is í mandáit na Roinne:
-
Clár náisiúnta ar bhóithre a sheachadadh mar chuid den Phlean Forbartha Náisiúnta agus
stráitéis rialtais um shábháilteacht ar bhóithre a chur i bhfeidhm
-
Córas iompair phoiblí chomhtháite a fheidhmíonn go maith a sheachadadh agus soláthar iompair phoiblí fheabhsaithe
a chinntiú tré gréasán iompair phoiblí nua agus áiseanna a chur ar fáil
-
A chinntiú go gcomhlíonann cleachtais agus modhanna eitleoireachta leis na caighdeáin idirnaisiúnta is fearr.Forbairt
earnála eitleoireachta a chur chun cinn a bheidh iomaíoch,bíogúil agus rialaithe go forasach..Dóthain Ghréasáin Aerphoirt
agus seirbhísí iomaíocha aerphoirt a sholáthar.
-
Sábháilteacht mhuirí agus caighdeáin shlándála a bhunú,a chur chun cinn, a rialú,agus a chur i bhfeidhm.Seirbhísí Fhreagartha
Éigeandála a sholáthar agus comhshaol na mara a chosaint.Tá an Roinn freagrach as calafoirt agus iompar ar mhuir comh maith
Cé go bhfuil freagracht iomlán ar an Roinn as na polasaithe seo tá dualgaisí maidir le cur i bfheidhm ghnéithe áirithe díobh
tugtha do réimse chomluchtaí stáit urraithe a thagann faoi chúram na heagraíochta.